Bainisteoir Seirbhísí Luathbhlianta agus Aois Scoile in Ionad Cúraim Leanaí Lios Póil

Bainisteoir Seirbhísí Luathbhlianta agus Aois Scoile in Ionad Cúraim Leanaí Lios Póil

 

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Bhainisteoir Seirbhísí Luathbhlianta agus Aois Scoile in Ionad Cúraim Leanaí Lios Póil, Gráig na hÓige, Garraí na dTor, Lios Póil, Co Chiarraí.

Beidh an té a cheapfar mar phríomh mhúinteoir sa Naíonra ar maidin agus freagrach as bainistiú na seirbhísí san ionad ina hiomláine.

Beidh an té a cheapfar freagrach as seirbhísí san ionad a fhás agus a fhorbairt.

Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta/riaracháin agus taithí bainistiú foirne a bheith acu chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse cúraim leanaí.

Tá cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (FETAC/QQI nó a chomhionann) riachtanach don phost seo. Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.

Is post lánaimseartha é seo ag obair 30 uair a chloig ó Luan go hAoine.

Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin chuig:  Sinéad Ní Neill roimh an 24/06/2025. Seoladh ríomhphoist: sinead@cnng.ie

 

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Gráig na hÓige, Garraí na dTor, Lios Póil, Co Chiarraí.
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
24/06/2025
Teagmháil:
sinead@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna