Bainisteoir in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua
- Lánaimseartha
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Lánaimseartha
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Bhainisteoir ar Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua, Co. na Gaillimhe.
Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina iomláine.
Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta/riaracháin agus taithí ar bhainistiú foirne a bheith acu.
Tá cáilíocht Leibhéal 6 i gcúram leanaí (FETAC/QQI nó a chomhionann) agus cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúram leanaí ina bhuntáiste don phost seo.
Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.
Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 05/12/2025. Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Lánaimseartha