Cuireadh chun Tairisceana le haghaidh Straitéis Teicneolaíochta Faisnéise do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta

Cuireadh chun Tairisceana le haghaidh Straitéis Teicneolaíochta Faisnéise do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta

 

Cuireadh chun Tairisceana

Le haghaidh

Straitéis Teicneolaíochta Faisnéise do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta

 

 Faigh an leagan Word anseo agus an leagan PDF anseo

 

Nós Imeachta OSCAILTE

 

Dáta Eisiúna 14/11/2024
Dáta Deiridh le haghaidh Fiosruithe 05/12/2024

 

Seoladh ríomhphoist le haghaidh Fiosruithe ray@cnng.ie

 

Spriocdháta/Am le haghaidh Tairiscintí 12/12/2024

 

Treoracha maidir le Tairiscintí a chur ar ais Le seoladh chuig: ray@cnng.ie

 

 

 

Luach an Chonartha €5,000 – €8,000

 

 

 

 

Cuid 1 – Tús Eolais

Cé hiad Comhar Naíonraí na Gaeltachta?

Is cuideachta faoi theorainn ráthaíochta é Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) arb é is cuspóir dó seirbhís luathbhlianta den scoth a chur ar fáil, trí mheán na Gaeilge, i gceantair Ghaeltachta. Cuireann CNNG an bonneagar is gá ar fáil le haghaidh na seirbhísí luathbhlianta chomh maith le seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus oiliúna a chur ar fáil do na seirbhísí sin.

Tháinig fás mór ar líon na seirbhísí luathbhlianta le CNNG le roinnt blianta anuas, in éineacht leis an raon seirbhísí agus an líon leanaí ar ar freastalaíodh. Tá os cionn 130 seirbhís/seisiún luathbhlianta ann faoin tráth seo faoi threoir Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus tá méadú leanúnach ar an líon seirbhísí a thagann isteach gach bliain faoi struchtúr na heagraíochta. Tá oifigí ag an gcomhlacht i ngach mórlimistéar Gaeltachta agus freastalaíonn os cionn 1,800 leanbh ar ár seirbhísí.

Tá an Eagraíocht freagrach as buiséad bliantúil €6 mhilliún a riar. Fostaíonn an Eagraíocht foireann riaracháin dhá dhuine dhéag faoi láthair.

Athbhreithniú ar Struchtúr TF Chomhar Naíonraí na Gaeltachta

Is cuideachta faoi theorainn ráthaíochta é Comhar Naíonraí na Gaeltachta a bhfuil ionadaithe ó na Seirbhísí Luathbhlianta agus Údarás na Gaeltachta ar a bhord stiúrthóirí. Faigheann CNNG cion mór dá chuid ioncaim ó fhoinsí an stáit, is iad Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a chuireann an maoiniú ar fáil chun tacú le costais riaracháin na heagraíochta.

Tá plean straitéiseach trí bliana ag an eagraíocht don tréimhse 2023 go dtí 2026. I gcomhthreo leis sin, is mian leis an mbord stiúrthóirí athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an Struchtúr TF atá i bhfeidhm faoi láthair agus is mian leis Comhairleoir Neamhspleách a cheapadh chun plean straitéiseach TF a fhorbairt don eagraíocht. Cinnteofar leis sin go mbeidh na struchtúir TF iomchuí ag an eagraíocht chun feidhmiú chuig na caighdeáin is airde.

 

Cuid 2 – Ceanglais agus Sonraíochtaí

Tá sé mar aidhm ag bord stiúrthóirí CNNG athbhreithniú neamhspleách agus anailís a dhéanamh ar oiriúnacht agus éifeachtacht an struchtúir Faisnéise agus Teicneolaíochta reatha agus creat oibriúcháin agus beartas TF éifeachtach a mholadh don eagraíocht. Tá sé beartaithe ag CNNG comhairleoir seachtrach neamhspleách a cheapadh, ag a mbeidh an saineolas i gcúrsaí a bhaineann le Teicneolaíocht na Faisnéise, chun an t-athbhreithniú a dhéanamh. Is é sprioc an bhoird stiúrthóirí féachaint ar éifeachtacht an struchtúir TF reatha agus moltaí a dhéanamh a chuideoidh chun an eagraíocht a neartú chun a chinntiú go bhfuil sí ag feidhmiú i gcomhréir leis an dea-chleachtas. Bheadh coinne leis go mbeadh an t-iarrthóir rathúil líofa i nGaeilge toisc gur eagraíocht Ghaeilge é Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cúraimí

I gcomhréir le Plean Straitéiseach CNNG 2023-2026

comharnaionrai.ie/uploadedfiles//Comhar-Naionrai-na-Gaeltachta-Plean-Straiteiseach.pdf

 

  1. Athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh chun:
    1. Measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht an struchtúir TF reatha
    2. Bearnaí a aithint chun a chinneadh cad is gá a bhaint amach, amach anseo.
    3. Moltaí a thabhairt in éineacht le togra mionsonraithe le haghaidh creat oibriúcháin TF éifeachtach nuashonraithe chun gnáth-fheidhmiú éifeachtach agus cothabháil leanúnach a chinntiú.
  2. Beartais TF reatha CNNG a athbhreithniú, a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta, chun a chinntiú go bhfuil siad ag teacht leis an dea-chleachtas.

      Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith ag baint leis an togra maidir le Creat Oibriúcháin TF nuashonraithe:

  • A chinntiú go mbeidh TF fós faoi shainchúram an bhuiséid agus ag teacht leis an reachtaíocht reatha agus leis na rialacha reachtúla.
  • Ba cheart teimpléad agus Creat le haghaidh iniúchtaí TFC a bheith ann (lena n-áirítear iniúchtaí slándála) a thionscnófar gach ré bliain, agus a chinntiú go ndéantar aon laigí a aithníodh le linn na n-iniúchtaí a shainaithint agus a leigheas go pras.
  • Treochlár 3 bliana a áireamh don aistriú ón gcreat oibriúcháin reatha chuig an gcreat nuashonraithe chun na nithe seo a leanas a áireamh:
  • Mapáil ar an bhfás agus na costálacha réamh-mheasta thar thréimhse an treochláir 3 bliana chun go mbeifear in ann buiséad intuartha a leagan síos don tréimhse ama.
  • Gníomhaíochtaí a bheidh le glacadh i mbliain a haon – aon chéimeanna nó gníomhaíochtaí ginearálta nach mór a ghlacadh chun feidhmíocht chórais reatha CNNG a neartú le costáil mhionsonraithe maidir leo.
  • An gníomh a bheidh le glacadh i mblianta a dó agus trí, agus tús áite á thabhairt d’aon athruithe ba cheart a dhéanamh ar an struchtúr TF a chuirfeadh le feidhmiú éifeachtúil na heagraíochta, agus é a ailíniú le dea-chleachtais – agus costáil mhionsonraithe maidir leo sin.
  • Teimpléad a chur san áireamh chun an buiséad bliantúil TFC a ullmhú, agus chun monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh air.
  • Clár Riosca TFC a áireamh le prótacal don chlár Riosca TFC a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart go n-áireofaí in aon mhór-rioscaí a aithníodh sa chéim tosaigh sin treoraíocht maidir le maolú laistigh de thréimhsí ama réasúnacha.
  • Modh maidir le monatóireacht, meastóireacht agus athbhreithniú tréimhsiúil ar éifeachtacht an chreata oibriúcháin chun riachtanais oibriúcháin CNNG a chomhlíonadh.

Cuid 3 – Incháilitheacht agus Critéir Dámhachtana

  • Taithí roimhe seo

Ní mór do thairgeoirí a dtaithí roimhe seo a léiriú maidir le trí chonradh a sheachadadh, de chineál agus de scála is inchomparáide leis na ceanglais atá leagtha amach faoin gcomórtas seo. Moltar do thairgeoirí nach mór a léiriú sna conarthaí tagartha atá liostaithe an cumas na gnéithe éagsúla seirbhíse is gá a sheachadadh chun ceanglais an Údaráis Chonarthaigh a chomhlíonadh. Iarrtar ort an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil le haghaidh gach conartha dá dtagraítear:

  • Ainm an Chliaint
  • Tréimhse/dátaí seachadta seirbhíse
  • Raon na seirbhísí a sholáthraítear
  • Teanga an tseachadta seirbhíse
  • Critéir Dhámhachtana

Dámhfar an conradh bunaithe ar fhiúntas an chórais scórála inmheánaigh. Dámhfar an tairiscint seo bunaithe ar an tairiscint is fearr a thugann luach ar airgead agus aird chuí aige freisin ar inniúlacht an tairgeora an tionscadal a sheachadadh trí mheán na Gaeilge.

Roinntear na critéir dhámhachtana mar atá thíos:

  • 25% Modheolaíocht
  • 25% Taithí Roimhe Seo
  • 25% Praghas
  • 25% Cumas sa Ghaeilge

Ní bheidh aon tiomantas d’aon chineál, conarthach nó eile, éifeachtach mura bhfeidhmíonn an tÚdarás Conarthach conradh foirmiúil i scríbhinn nó mura bhfeidhmítear ar a shon é agus go dtí go bhfeidhmítear amhlaidh. Ní thiocfaidh aon chearta a bheidh infhorfheidhmithe ag an té a dhéanfaidh ceantáil toisc go dtabharfaidh an tÚdarás Conarthach fógra dámhachtana i dtaca le stádas an té a roghnófar chun ceantáil a dhéanamh. Féadfaidh an tÚdarás Conarthach an comórtas soláthair phoiblí seo a chealú ag aon tráth sula ndéanfaidh an tÚdarás Conarthach conradh foirmiúil i scríbhinn a fheidhmiú nó sula ndéantar é a fheidhmiú ar a shon. Níl an tÚdarás Conarthach faoi cheangal glacadh leis an Tairiscint leis an bpraghas is ísle, nó le haon Tairiscint.

 

Luacháil an chonartha €5,000 – €8,000

 

Dáta Seachadta

Tá sé beartaithe ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta an conradh a dhámhadh don iarratas is fearr a thugann luach ar airgead roimh 12/12/2024 agus tá coinne leis go mbeidh an obair tugtha chun críche faoin 28/02/2024.