Fógra
Bainisteoir Airgeadais le Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) ag lorg iarrthóirí do phost mar Bhainisteoir Airgeadais leis an eagraíocht. Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistiú, comhordú agus riaradh iomlán a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais na heagraíochta.
Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ar chórais airgeadais chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse airgeadais.
Tá cáilíocht phroifisiúnta cuntasaíochta nó cáilíocht ábhartha tríú leibhéal sa réimse airgeadais/gnó riachtanach don phost seo.
Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa agus ardchaighdeán Gaeilge scríofa a bheith acu.
Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine. Beidh an té a cheapfar lonnaithe sa bpríomhoifig ar an gCeathrú Rua.
Is post ag grád ardoifigeach feidhmiúcháin atá ag dul leis an bpost seo agus socrófar tuarastal agus coinníollacha pá leis an té a cheapfar.
Tá tuilleadh eolais agus dualgais an phoist le fáil ar shuíomh idirlín an chomhlachta: www.cnng.ie
Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 14/01/2025.
Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie
Ba chóir sonraí teagmhála beirt mholtóirí a sholáthar i d’iarratas.
Is fostóir chomhdheiseanna é Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
Sonraí Poist:
Teideal
|
Bainisteoir Airgeadais
|
Leibhéal san Eagraíocht
|
Bainisteoir Airgeadais ag grád Ardoifigeach Feidhmiúcháin. Scála Pá (€57,122 go €71,939).
Tuilleadh eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Bainisteoir Achmhainní Daonna CNNG ag foluntas@cnng.ie
|
Freagrach do |
Tuairisceoidh an Bainisteoir Airgeadais chuig An bPríomhfheidhmeannach laistigh den oibríocht laethúil.
|
Cur Síos ar an Ról
|
Tá an Bainisteoir Airgeadais freagrach as sláinte airgeadais CNNG a bhainistiú chun rath agus fás a chur chun cinn agus cleachtais airgeadais dhlíthiúla á gcothabháil ag an am céanna.
I measc na ndualgas tá pleanáil airgeadais chun cabhrú le scéimeanna deontais a chomhlíonadh, oibleagáidí maoinithe na ranna stáit a shásamh agus monatóireacht iomlán a dhéanamh ar ioncam agus caiteachas na heagraíochta.
Beidh an Bainisteoir Airgeadais freagrach as párolla CNNG i gcomhar le cuntasóirí seachtracha na heagraíochta atá ag soláthar an phárolla thar ceann CNNG. Beidh an Bainisteoir Airgeadais freagrach as cuntais na seirbhísí luathbhlianta a chomhdhlúthú isteach leis an máthaireagraíocht CNNG. |
Scóip agus Freagrachtaí
|
Freagrachtaí agus Dualgais:
· Bainistiú airgeadais a dhéanamh ar mhaoin, agus ar ioncam agus caiteachas an chomhlachta. · Freagracht as comhordú a dhéanamh ar obair riaracháin airgeadais an chomhlachta. · Bainistiú a dhéanamh ar an bhfoireann airgeadais. · Cuntais mhíosúla a chur ar fáil do Príomhfheidhmeannach CNNG. · Cuntais airgeadais a réiteach i gcomhar le cuntasóirí seachtracha CNNG. · Cuntais a réiteach go proifisiúnta d’iniúchadh an chomhlachta, chomh maith le comhoibriú leis na hiniúchóirí maidir le hullmhú na gcuntas iniúchta bliantúil. · Éileamh a dhéanamh chuig Pobal gach bliain thar ceann na seirbhísí luathbhlianta ar dheontas caipitil chun obair thógála/chothabhála a dhéanamh agus chun na seirbhísí a uasghrádú agus a fheabhsú. · Córas pá an chomhlachta a bhainistiú agus a riar i gcomhar le cuntasóirí seachtracha CNNG. · Buiséad agus córas cuntasaíochta a leagan amach do na seirbhísí luathbhlianta agus na cuntais sin a chomhdhlúthú isteach sa mháthaireagraíocht. · Cinntiú go bhfuil CNNG ag cloí le cód cleachtais an rialálaí carthanas. · Bainistiú agus comhordú a dhéanamh ar Iniúchadh na gcuntas airgeadais i gcomhar le riarthóir airgeadais CNNG ar 60 ionad luathbhlianta – agus ar chuntais na n-ionad cúraim leanaí Gaeltachta. · Déileáil le heagraíochtaí Stáit maidir le foinsí airgeadais an chomhlachta: Údarás na Gaeltachta ó thaobh an deontais reáchtála bliantúil; Roinn na Gaeltachta maidir le deontais maoinithe bhliantúla · Cinntiú go gcoinnítear gnó agus eolas leochaileach faoi rún. · PríomhfheidhmeannachCNNG a coinneáil ar an eolas ag gach am. · Aon dualgais eile a ordóidh an Príomhfheidhmeannach ó am go ham.
|